School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Chorcaí
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 047
  3. XML “A Codladh, Airiú a Théann Gach Naon sa Tír”
  4. XML “Scéal - Fear Siúil”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Agus um cholainn ní théigeann aon phioch bídh
    Acht feuch a feichinn in aon chor, Ó Laogh mo Chroidhe.

    Tá iomarcha réid agus éileamh gaoil
    Idir ainir na gcraobh agus na seibhear cruinn.
    Is deas mar a rínnchainn an mhian sa Scotch
    Ní deise na rínnchain Isle of Man.
    Agus eirigheann mo chroidhe chómh hárd leis an ngaoith
    Nuair a rínnchainn sí síos agus aníos liom ais.

    Do bhí an long ina radairch an uair sin agus do thug sé lá agus oidhche gan biadh gan deoch, acht é ar an cnoch i fairre uirthi. Do thóg an namaidh an tobhach. Fear solais a bhí i dTig an tSoluis i gCléire san aimsir sin do dhein an spiereacht.
    Bhailig: Maire Ní Drisceóil, Cumolán Thuaidh
    Fuaireas ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolán Thuaidh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Do bhí bád ag dul amach le iasg ó Fiall Cua fadó, agus bhí fear suibhail ar fudh an Oileáin an aimsir ceudhna, agus do theasthuig uaidh posáisthe d'fágailt amach go dtí an mór-tír sa bádh seo. Do bhí mála mór éisg aige dhá tabhairt amach roimhis. Fear ana thana-chuiseach a beadh é, agus do chuaidh sé isteach sa bhád gan cead gan cómhairle.
    Do chuir muinnthir a bádh a cómhairle i gceann a chéile gurabh bhfearr é do chuir amach as an mbádh, é féin agus a mhála, mar go raibh an bád ró dhaoin. Dubhradar leis bheith amuig as an mbádh, acht dubhairt sé leó na geobhadh sé amach aisti. Fear dall, dána a beadh é agus ní raibh aon tuisghint ar bádh ná ar fairrgeóirtheacht aige.
    Pé sgeul é, do chaitheadhar amach é féin agus a mhála. Do tháinigh sé ar a dhá ghlúin annsan as cómhair muinnthir a bháidh, agus do tosnuig sé ag easghainibh ortha. Acht ar seisean:-
    "Strím ó'n dTigearna orraibh, a bhriseadh bh'úr gcrann, gan iasg in bh'úr líonthaibh ó Nodhlaigh go Samhain, acht spíarluinghe liatha agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Drisceóil
    Gender
    Female
    Address
    Comalán, Co. Chorcaí
    Informant
    Concubhar Ó Drisceóil
    Gender
    Male
    Age
    58
    Address
    Ceathrúna, Co. Chorcaí