Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 043

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 043
  3. XML “Amhrán”
  4. XML “Scéal Dhabhie”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán (ar lean)

    Ar maidin dé Luain iseadh d'fágas an cuan

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí bono o hello á gcátha in áirde san aer,
    Strúdí á gheárradh lé catha neart plér.
    File na luinge agus iad ag tuitim tréan agus a gcuid fola
    dá ghortadh lé cáthad neart plér.
    Bhí mo mhaithirín féin ag guidhe chugamh chun Dé. mar a caileadh
    na míle iseadh a thánag féin saor.
    Do shiubalamair Dursey, agus Jersey, gan dabht,
    Is i dtalamh an Éisg, iseadh bhuaileamair rogha.
    Do fuaireamair cuireadh chun filleadh ar ár sáil,
    Is ar na hÉast Indian Fleet, iseadh a bhuadhmair an lá
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí sean duine sa Chumar fadó go dtugtí Dabhí Mháire Dhá air. Do tháinig na daoine maithe san oidhche agus do chuireadar isteach i sathach é agus d'arduigheadar leó é. Do thugadar suas go dtí an Chonnel é agus do scaoileadh síos leis an gcnoch é mar atá tig a'tsagairt anois agus d'imthig sé amach tre Inbhear. D'árduigheadar in áirde san aer annsan é. Do scaoileadar síos leis an mBuilig annsan é agus é ag ceantráil. Do thógadar aníos ar an uisce é agus do chuireadar anáirde ar Bhulán na nDearagán é.
    Do scaoileadar amach chun fairrge annsan é agus nuair a bhí sé trí ceud léig ó dheas fé'n bhfairrge chuireadar síos go talamh íochtair é. Do tugadh fé'n bhfairrge é go tig
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seosaimh Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Ceathrúna, Co. Chorcaí