Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 036
- XML “An tAmadán agus an Sprid”
- XML “Piseoga agus Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuala sgéul mar gheall ar aít go mbíodh spiridí á fheiscint gach tráthnóna taréis na gréine dul fé, go mbíodh eagla ages nach aoinne tímpal roimpi. Ní gheóbhadh aoinne an t-slí sin ó thuiteadh an oidhche. Bhí amadán buachalla san áit go raibh ana dhúil i dtobac aige agus dubhairt sé go raghadh sé feín fé na dhéin chun gal fháil uaithe. Do chuaidh agus do loirg sé gal agus thug sé do é. Nuair a bhí a dhóthain ólta annsan thug an t-amadan an phíop dí agus dubhairt sé:-"Beannacht De let anam agus le h-anmanna na marbh".Do bhailig sí léi na splanncacha dearga agus ní feacthas ó shin san áit í.
Bhailig:- Seosamh Ó Drisceoil, Cnocan na mBáirneachFuair seisean ó:- Conchubhar Ó Drisceóil - 1) Fadó nuair a tógtaí an corp de'n bhórd is minic a bhíodh troid idir muintir an mhairbh agus muintir na céile i dtaoibh an bhúird d'iompail. Ceaptaí gur chun an bás a chur ón gcine a deintí an bórd d'iompáil.
2) Bhíodh d'obliogaid ar an té gheibedh éadac mairbh dul trí Domhnach go dtí an Aifrionn leis nú an t-éadach na tabharfaí caithfí an t-éadach san a thabhairt i mbeart go dtí an séipeál go dtéigeadh an duine marbh don uaig. ? ?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seósamh Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí