School: Inis Cléire, Dún na Séad
- Location:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Teacher: Donncha de Búrca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Page 036
- XML “An tAmadán agus an Sprid”
- XML “Piseoga agus Leigheasanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuala sgéul mar gheall ar aít go mbíodh spiridí á fheiscint gach tráthnóna taréis na gréine dul fé, go mbíodh eagla ages nach aoinne tímpal roimpi. Ní gheóbhadh aoinne an t-slí sin ó thuiteadh an oidhche. Bhí amadán buachalla san áit go raibh ana dhúil i dtobac aige agus dubhairt sé go raghadh sé feín fé na dhéin chun gal fháil uaithe. Do chuaidh agus do loirg sé gal agus thug sé do é. Nuair a bhí a dhóthain ólta annsan thug an t-amadan an phíop dí agus dubhairt sé:-"Beannacht De let anam agus le h-anmanna na marbh".Do bhailig sí léi na splanncacha dearga agus ní feacthas ó shin san áit í.
Bhailig:- Seosamh Ó Drisceoil, Cnocan na mBáirneachFuair seisean ó:- Conchubhar Ó Drisceóil- Collector
- Seosamh Ó Drisceoil
- Gender
- Male
- Address
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí
- Informant
- Conchubhar Ó Driszceóil
- Gender
- Male
- Address
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí
- 1) Fadó nuair a tógtaí an corp de'n bhórd is minic a bhíodh troid idir muintir an mhairbh agus muintir na céile i dtaoibh an bhúird d'iompail. Ceaptaí gur chun an bás a chur ón gcine a deintí an bórd d'iompáil.
2) Bhíodh d'obliogaid ar an té gheibedh éadac mairbh dul trí Domhnach go dtí an Aifrionn leis nú an t-éadach na tabharfaí caithfí an t-éadach san a thabhairt i mbeart go dtí an séipeál go dtéigeadh an duine marbh don uaig. ? ?(continues on next page)