Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 031
- XML “Paidir na Tromluí”
- XML “Triúr Mac Feirmeora a Chuaigh ag Foghlaim Béarla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Íosa, Aon Mhic Athair Mhic a thuain, bí im thimpal im' choinleach, im aire ins gach uain, im luidhe dhom, im shuidhe dhom, im chodhladh is im shuain, i ndíbirt gach smaointe mallaighthe uaim.
II
Anna, máthair Mhuire, Muire máthair Chríost,
Eibhlis ó Máire mathair Naomh Eoin Baiste,
Cuirim a dtriúr ar cholbha mo leabthan,
Am saoradh ar gach ann-sprid tá ar mo thí.
Cuirim mo aithchuinghe chughat a Chros na Meann,
Cuirim mo ghuidhe chúghat ó chrann go crann,
do céasadh Críost im shaoradh ar aicídí na leapthan agus an tromluidhe.- Bailitheoir
- Seósamh O Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cnocán na mBairneach, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Cáit B. Uí Choinghealaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lios Ó Móine, Co. Chorcaí
- Triúr Mac Feirmeóra a chuaidh ag foghluim Béurla
Bhí triúr mac ag feirmeóir agus ní raibh aon fhocal Béurla aca. Dubhradar le na chéile gur mhór an náire dóibh é ag dul ar aonach agus margadh ag ceannach agus ag díol a gcoda gan aon fhocal Béurla na bpus. D'imtigheadar ar maidin Dé Luain agus chuadar ar chrosaire na gceithre Rian. Bhaineadar geallamhaint dá chéile nuair a bheadh an Béurla aca casadh ar an gcrosaire chéudna arís.
Annsan d'imtig gach aoinne aca a bhóthar féin agus a gcluasa anáirde féachaint cá gcloisidís aon(leanann ar an chéad leathanach eile)