Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- XML Leathanach 029
- XML “Scéal - An Samhradh Daor”
- XML “An tAthair Labhrás Ó Mathúna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní raibh sí acht díreach taréis feuchaint ar an gchórtha, nuair a gaibh bean siubhail isteach ag lorg déirce uirthi. Ní fheadar sí an shaoghal cadh a dhéanfadh sí, mar ní fios cadh é an neómat a beadh a muínntear sa bhaile agus gan aon níd ollamh aici ina gchóir mar bhíodar amuig le seachtmhain uaithe. Dubhairt sí ina aighne féin b’féidir go bhfhaighidís sin cabhair éigin ó luinghise; mar a bhfagidís cad a dheanfadh sí in aon chor agus gan aon níd ina gchóir aici. Mar sin féin ba dheacair léi í do itheach, agus do thug sí a raibh sa cortha do'n bhean bhocht.
Ní raibh an bhean bhocht acht imtighthe nuair do chuaidh bean na tíge ar an gcnoch, ach cad a cíthfeadh sí ach bád a muinnthire agus í ag teacht ar dtír in Inbhear. “Ó Dia lém’ anam,” ar sise, “cadh a dheanfadhmé, tá mo mhuinntir amuigh le seachtmhain, agus gan greimh bídh agam le tabhairt dóibh.” Do chuaidh sí isteach abhaile annsan agus d’feuch sí sa chóthra feuch a raibh aon scriobadh ann, acht “le Toil Dé”, conas a bhí acht an cóthra ag sgéith amach le órna. Do shéid an tseana-bhean bocht í féin ar a dhá glúin ag tabhairt a buidheachas le Dia i dtaobh an mírúilt a bhí deanta aige.Bhailig: Máire Ní Drisceóil, Cumolán, Inis Cléire.
Fuareas é seo ó: Ciarán Ó Drisceóil, Cumolán, Inis Cléire. - An chead lá riamh a tháinig an tAthair L. Ó Mathúna go Cléire; is dá aimhdheóin a chur an t-Easpog ann é. Tá sé timcheall le ceud bliadhain anois ó bhí sé ann. Lá le’n Seághain an chéad lá a tháinig sé ann. Seo mar a dubhairt sé:
I
Lá le’n Seághain in Oileáinín Cléire.
Geallaimh sa dhibh se mara mbeadh an tEaspogh is a dhlighthe na thiocfainn se coidhche inbhúr néileamh
Acht ó chaitheas sa sríoca aichiním ar Chríost Geal an rath go dtiocfadh ar dthír chúghaibh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Ciarán Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí