Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “Na Gréadaig”
  4. XML “Scéal - Leanbh a Saoradh ón mBás”
  5. XML “Scéal - An Madra Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Aon lá amháin fadó, do tháinig bád mór lán do shaighdiúirí ar dtír go Cuas a’ Báid, agus san aimsear sin ceudhna san ní raibh fear san Oileán na bíodh amuig ag iascaireacht. Ní bíodh sa bhaile acht na mná agus na páistí. D’imthig na saighdiúirí fé'n Oileán siar, agus do tugadar an eire do iasg agus do chaoirigh rómpa aniar. Do bhí duine dhos na saighdiúirí a thug leanbh roimhis, agus do lean máthair an leinbh aniar é go dtí an Cuas, agus do bhí an saighdiúir chun an leanbh do chaitheamh síos leis an gChuas, acht do chuaidh an máthair ins na hachíní air gan a deanamh.
    Tárraingh sí réul dho ar an leanbh, acht, “Biodh sé ‘na mhargadh,” ar seisean, agus do fuair sí an leanbh, agus d’eirigh an leanbh suas chun bheith ‘na fhear mhaith. Sé an t-ainimh a bhí air ná Pádruig Déasach, agus ó'n lá san amach ‘sé an ainim a ghlaodhach na daoine air ná “Pádruig Déasach an luach réalach is fearr a bhí riamh in Éirinn.”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. gníomhairí (~1)
      1. daoine de réir aicme
        1. an lucht taistil (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Concúbhar Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Ceathrúna, Co. Chorcaí
  2. Do bhí bacach ag siubhal roimhis tré Chléire uair amháin, ag iarraidh déirca, agus tháinig sé go tig go raibh páistí ag súgradh as cóir an dorais amach. Bhí madrín bán aca, agus nuair a connaic na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.