Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
- Suíomh:
- Cléire, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha de Búrca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Scairtín Uaithne
Buachaill agus cailín a bhí a' dul ar aon scoil amhain le cois a chéile agus bhíodar araon ana ceanamhail ar a chéile. Nuair a bhídís ag teacht ón scoil uaireanta á mbuailfeadh cioth iad, do leathfadh saoi a brat de druim na scairte chun díon a dhéunamh dóibh chaitheamh a' ceatha. Bhí leas-mháthair ag a gcailín agus nuair a bhí an buachaill óg so cuin pósta, do dhein a leas-mháthair cleamhnas le na h-inghean féin leis.
Oidhche a' chleamhnais dubhairt a' comradá scoile bhí aige:
Dia agus Muire dhuit a scairtín uaithne,
Mar is minic a chuireas-sa cuireadh a lae cruaidh ort,
Nuair a leathainn mo bhrat síoda síos agus suas ort,
Ag deúnamh dín don tSiogaidhe uasal.Órú 'Siogaidhe agus a laoigh croidhe mh anama,
Ní neósfainn féin duit dhá dtrian mh eachtra,
Is í an fhuiseóg ós mo chómhair í ar maidin domh,
Agus is í an airc luachair do coirigheann leabaidh dom.
Is é biolar na habhann agus dliosc na fairrge,
Agus droch-uisge a'chromtáin is é is beatha dhom.Athair, Athair, Athair na ndrólann
Do dhein mo leasmháthair rud nár cóir dí;
Do bhroinn sí an t-each d'inghin an ósta,
Agus an ceann ramhar do bhí ar mo chóiste;
Do chuir sí don choill ag crúdh na mbó me,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Donnchadh Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 26
- Seoladh
- Comalán, Co. Chorcaí