Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Leanaí Leán Gós”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go raibh sé dearg go maith. Annsan do thóg sé amach é agus bhí sé chun é sháthadh isteach i gcraos na leanbh nuair léim beirt shean-daoine amach as an gcliabhán agus amach a' doras leo agus fágadh na leanbhaí cearta sa chliabhán.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do bhí na Stations i dtigh ar an mbaile seo tímpal deich mbliadhna is trí fichid ó shoin agus bhí fear gur chóir do bheith ar an Station an mhaidean san bhí sé síos ar a' bpoinnte a' marbhúghadh dheargán. Pé féuchaint a thug sé thar barraicín na slaite bhí curraig ann agus fear amháin innte.
    D'fhiafraigh fear an churraigh d'fhear na slaite "dén fáth ná raibh sé ar na "Stations". Pé leath-sgéul a thug sé do, dubhairt sé leis go raibh go maith, ach imtheacht láithreach agus fiarúghadh ón tsagart a' raibh aon deis ag drom an Uabhair ar na flaithis agus go mbeadh sé féin a' marbhú na ndeargán go bhfilleadh sae.
    D'imthigh an fear leis agus d'fhan sé go bhfuair sé amus cainnte leis a' sagart agus d'innis a chúrsa do, connus mar a bhí. Dubhairt an sagart leis imteacht agus a rádh leis an bhfear a bhí ar an gcarraig na raibh aon deis ag drom an uabhair ar na Flaithis coidhche agus gan dul níos giorra dho na faid a ghlaodh agus gan aon bheithideach éisg a bhí leath-is-tíos de marc a lán marraig a thógailt.
    Chuir sé de agus do labhair sé ó bhearna 'n scrithín agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    25
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí