Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 017

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 017

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 017
  3. XML “Leanaí Leán Gós”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean an an mbaile seo fadó agus bhí beirt leanbh aici agus bhídis ag gol is a gráigealaig i gcómhnuidhe agus ní sháiseóchad an domhan go léir iad. Do bhí an bhean ana bhocht agus ní bhíodh aon bhainne aici ac mar a théigheadh sí ó thig go tig ag lorg braoinín dóibh gach lá. San am san bhíodh go leór bacaig a' gabháil tímpal a' lorg a' ndéirce.
    Tug léan bheith istig de dhuine des na bhacaig seo oidhche. D'eirig sí ar maidin agus chuaidh amach a solathár rud éigin i gcóir breacfast na leanbh agus d'fhág sí an bacach 'na chodladh ar an suidheachán. Is amhlaidh mar a bhí sé ag an mbacach, bhí sé idir a chodhladh is a dhúiseacht. Ni raibh na sála thar táirsig aige leán nuair léim duine des na leanbhaí amach as an gcliabhán agus chuir a lámh fén ndíon ar bharra an fhalla agus tharraing anuas seana dhúda chuige féin. Do dhearguig sé bastún sa teine agus dhearguig sé a phíopa leis. Nuair a bhí a dhóthain óltha aige do shín sé chun a dhritheár é. Bhí an bacach á dtabhairt fe ndeára go géar agus chonnuic sé, nuair airigheadar coiscéim a máthar ar an dtáirsig airís - gur chuireadar an píopa i bhfollach fén ndíon mar a raibh sé sul ar fhág sí iad agus d'fhaísgeadar ar bhéicig airís.
    Pé nídh a thug sí léi bhí sí chun é thabhairt le n-ithe nú le n-ól dóibh nuair a stop an bacac í, agus dubhairt sé léi leagaint dóibh go fóil go mbeadh sé féin ullamh. Tharraing sé chuige boltha a bhí leis an iarta agus chuir a cheann sa teine agus d'fhag sé ann é
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cait Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Mícheál C. Ó Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí