Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 010

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 010

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 010
  3. XML “Bean ón mBás - Scéal”
  4. XML “Seanfhocal”
  5. XML “Seanfhocal”
  6. XML “Seanfhocal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear a’ baint phrátaí lá, agus do tháinig spideóg ar an ngort chuige, agus do labhair sí leis. D’aithin an fear an chainnt gurab í a bhean í, do fuair bás an bhliadhain roimhe sin, agus d’iarr sé di cad a caolaig a cosa, acht dubhairt sí mar leanas:-
    “Alas! Locht a tsaothar agus gan bheith fábharach dos na bochtaibh, agus
    bainne na gcuig gcaorach is é do caolaidh mo chosa.”
    Fuaireas ó Mháire Ní Drisceoil (cailín scoile) Cumalán. Fuair sí sa bhaile é.
    (1) "d’iarr" sa ls.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Seanfhocal: “Mo thruagh an duine ná tuigeann a chúrsa féin.”
    An té ná tuigeann cuirtear chun cunlách é.
    (Máire Ní Drisceoil.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Seanfhocal: “Ní hiad na fir mhaithe a bhaineann an fhóghmair go léir
    Ach is iad na fir mhaithe a phósann na mná gan spré.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.