Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Caoineadh”
  4. XML “Caoineadh”
  5. XML “Seanfhocal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Caoine[adh]
    1/ Ministir a fuair bás agus thug a inghean bean chaointe chun a’ tighe chun é [a] chaoineadh agus seo mar a chaoin sí é:-
    “Mo ghrádh is mo thaithneamh tu.
    Do dhá shúil ar leathadh agat,
    Féasóg fada liath ar do ghiall,
    Do ghlúine craptha suas id’ chliabh,
    Do chorp is t’ anam den diabhal,
    Ní fheaca do leithéid riamh.”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. 2/ Bean a[g] déanamh caoineadh do leanbh ministé[a]ra:-
    “Mo ghraidhin mo mhinistir, thug dhom dhá p[h]inginn i dtaobh a leinbh a chaoinead,
    Ach aicíd an leinbh sin ar a[n] gcuid eile aca, siar go heirball tímpeall.”
    Fuaireas ó Mháire Ní Dhrisceoil, Comalán (1 agus 2). Aos 50 bliadhna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    2. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Driscóil
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
  3. 1/ “Seacht scadáin béile don bhradán,
    Seacht mbradaín béile don mhuic mhara,
    Seacht muca mara béile don mhíol mhór.”
    2/ “An té na hólann ach uisge, ní bionn sé ar meisge.”
    3/ “Treabhadh doimhin nuair a bheidh daoine eile ‘na gcodladh agus beidh arbhar agat le díol agus le coimeád.”
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.