School: Inis Cléire, Dún na Séad

Location:
Cléire, Co. Chorcaí
Teacher:
Donncha de Búrca
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 004

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0295, Page 004

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Page 004
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéul.
    Ar an dtaobh shoir don bhaile seo (Cumolán) tá cuas ar a dtugtar Cuas a Dubhghlais. Aige bun a bhóthair atá sí agus sruthán uisge a rith síos ann. Deirtear go bhfuil próca óir curtha shíos sa chuas san agus fear gorm agus claidheamh aige á ghárdaíl.
    Seo mar a thárla do bheith ann d'réir na sean sgéulta:- Fadó, fadó riamh tháinig long ón Austráil ar dtír san áit sin a lorg fíoruisge. Ní ró fhada ar dtír dóibh go dtáinig an tóir ón bhfairrge ortha. Ní raibh ach an próca óir sin acu agus thugadar as an luing é agus chuireadar annsan istig i dtóin a' chuais é agus chuireadar an fear gorm mar ghárda air. Chuireadar geasa air an t-ór a chosaint beo agus marbh do go dtiocfaidís féin á iarraidh aris. Tá sé dóigheamhail nár thánadar chun an fhir bhoicht a fhuasgailt fós, mar ar uair áirighthe nach aon oidhche cloistear mar a bheadh duine ag gearán thíos san chuas.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Drisceóil
    Gender
    Female
    Age
    50
    Address
    Comalán, Co. Chorcaí