Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad

Suíomh:
Cléire, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha de Búrca
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 003

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0295, Leathanach 003

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Cléire, Dún na Séad
  2. XML Leathanach 003
  3. XML “Scéal Bráthair Fithinnis”
  4. XML “Scéal an Fhile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar eagla d'úrlar-sa bheith scuabhtha,
    Ná úrlár na mnaoi úd thall."
    Bliadhain ó'n lá san do ghaibh sé an bóthar arís, agus ní raibh i dtig na mná saidhbhre ach croídhtín gan díon gan cómhla. Chuaidh sé isteach sa tig eile agus bhí leanbh sa chliabhán agus crut an t-sonais ar an dtig. D'iarr sé ar bhean a'tighe cad d'imtig ar muinntir a tighe eile.
    "Tháinig ár orra", ar sise. "Beul", arsan fear, "is mise Bráthair Fith-innis, agus is le Dia an leanbh san agus caithfidh sé gabháil le teagasg an chreidimh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgeul an Fhile
    Do ghaibh file isteach go tig feirmeóra sa droch-shaoghal agus d'iarr sé ar bhean a'tighe, a bhí ag crúdh na mbó sa macha iostas na hoidhche uirthi: "Tabharfad agus fáilte" ar sise, "ach dein rann." "Seo," ar seisean: "Chím dhá chruach dúbha den mhóin; Dhá chapall córach, dhá choin, d'á phreachán níos duibhe nán gual, Dhá mnaoí, Dhá bhuaraig agus dhá bhoin."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Donnchadh O Drisceóil
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Comalán, Co. Chorcaí