Scoil: Garrán, Drom Dhá Liag (uimhir rolla 11274)
- Suíomh:
- An Garrán Theas, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Conchobhar Ó Drisceoil
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seo sgeal eile ó Phádraig na Ciarach:-
Bhíos ar aonach Bheanntaighe lá agus do chonnac an bean uasal ag gabhail na sráide síos
Chuireas speic uirthi agus bheannuig sí dhom. Ní raibh a thuille eadrainn an lá san. Thánag abhaile agus dinnseas don bhuachaill conus a bhí liom. Bhí amras agam cár chómhnuig sí.
Cuireas srian is diallait ar an láir i gcóir na h-oidhche agus cuireamar sinn araon dínn.
Do gabhamair an tig amach gan mórán moille. Nuair a sroiseamair an macha léim an bhuachaill anuas de'n láir (bhí sé taobh tiar díomsa t'ás agat. agus do bhuail sé isteach.
Cad na thaobh ná tiocfadh an stróinséar eile isteach ar siad. "Ógánach é sin agus bheadh náire air" arsan buachaill.
Tháinig an cailín óg go dtí an doras agus dubhairt sí liom teacht isteach. "Cuirfead meall air" arsa an buachaill. Do rith sé amach is do strach sé bróg díom. Tháinig mé isteach annsan cosaidí Bocaidí ar eagla go saileochadh mé mo stocha.
Do shochruigheamair ar an gcleamnas agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Chinnseamáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cinnseamáin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Barrach an Bhile, Co. Chorcaí