Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)

Suíomh:
Runnamoat, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Gráinne, Bean Uí Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 047

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 047

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
  2. XML Leathanach 047
  3. XML “Seanfhothrach Roinn a' Mhóta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mórán suime in éadaigh.
    Ag an bhféasta bhí a lán Oifigeach ón árm Sasan. Bhí siamsa & spórt ar siubhal ar feadh na h-oidhche & nuair a bhí breacadh an lae beagnach ann. D'eirigedar cun a mbóthar a chur díbh abhaile.
    Bhí oifigeach amháin ag lorg a chóta & níorbh féidir leis é a fhágail mar bhí sé i bhfolach fé chóta an tseanfhir. Chuardaigh sé in gach áit & fé dheireadh fuair sé é. Bhí sé ar buille & d'fhiafraigh sé den chomhluadar cé a chroc a chóta air. Dubhairt an sean-fhear go gcroch sé a chuid éadaigh air & níor thuig sé go raibh sé ag argúint mar gheall air sin.
    Do chaith an Oifigeach a láimini roimhe. Socruigeadh annsin an áit in a gcasidís le chéile & an sort gléas troda a bheadh acu.
    Míle on Rosacomáin i bpairc rasaigh maidin in a dhiaidh sin ar a cuig a chlog - sin é an áit.
    Do sgaradar ón a chéile annsin. Maidin in a dhiaidh sin tháinig an Oifigeach, an Dochtúir, a fhear cabhra & moltóir go dtí an áit & níor tháinig an seanfhear. Do ghlaodadar amach an raibh sé ann acht ní fuaradar freagra.
    Tháinig fear uasal eile ar an mbealach & chuala sé an sgéal. Dubhairt sé go dtroidfeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. riaradh talún (~4,110)
    Teanga
    Gaeilge