Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)

Suíomh:
Runnamoat, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Gráinne, Bean Uí Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 044

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 044

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
  2. XML Leathanach 044
  3. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal Eile

    Bhí fear ins an gceanntar seachtmad bliadhain o shoin agus an t'ainm do bhí air "Páidín na haiteanna".

    Scéal Eile
    Réamh Rádh:
    Padráig Ó Fithcheille a innis an sgéal seo dom. Feirmeoir iseadh é. Tá cur síos air roimhe seo.
    Sgéal
    Bhí fear ins an gceanntar seaghtmad bliadain ó shoin agus an t'ainm do bhí air "Páidín na h-aiteanna". Téigheadh sé ón áit go h-áit agus go mbíodh mála mór ar a dhruim aige. Sin é barramhla na ndaoine gur fear sideóg do bheadh é.
    B'annamh a chuathruigheadh sé an áit seo agus nuair a n-imthigheadh sé bhíodh naoidneán no dhó imthighthe as a gcliabhán.
    Tráthnóna éigin thainig sé go sráid baile tháinig sé go sráid baile - Baile an Ghlais - an sráid baile taobh thair dínn.
    Bhuail sé isteach i dteach eigin agus bhí naoidhneán beag aluinn ina an gcliabhán. Naoidhnean aonach do bheadh é agus cheap a athair agus a máthair nach raibh naoidhneán ann go dtí é.
    B'éigin don máthair a dul amach ag feachaint ina dhiaidh gnó an tighe agus bhí fear ann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Fithcheille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)