Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)

Suíomh:
Runnamoat, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Gráinne, Bean Uí Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 029

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 029

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
  2. XML Leathanach 029
  3. XML “Roinn a' Bhruicheáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag dul thar claidhe d'amharc sé féin in a thimcheall & chonnaic sé an duine ait ag teacht in a ndiaidh. Níor bhreatnuigh sé siar uaidh gur shroiseadar an teach. Tháinigeadar cúca féin annsin & d'féacadar thar n-ais & ní raibh le feiceáil acht ní fhacadar acht solus beag in ionad an duine.
    Sin an sgéal a bhailigh sé ón Séamus Connolly.
    Bliadhanta o shion bhí comnuidhe ar bhó sideóg ann. Go han bhocht ar fad bhí na daoine ins an sráid bhaile & nuair d'airighdear an bhó théigidís gach lá le cannaí & bheireadh an bhó bainne dóibh. Is cuma cén soitheach a bhíodh acu bhíodh sí indhon é a líonadh.
    Thosuigheadar ag maoidheamh, ag moladh na bo, a rádh ní raibh a leithéid ar druim an domhain & ní raibh deire leis an meid mbainne a bhí aici.
    Chuala droch-fhear an cainnt sin, & dubairt sé go bhfuigheadh sé soitheach & ní bheadh an bhó abalta é a líonadh. Isteach leis in a theach-sa. Fuair sé "sieve" & súid ar aghaidh leis go dtí an áit in a raibh an bhó buin.
    Thosuigh sé ag crúdh na bó. An fhaid a bhí sé ag déanamh an droch-ghníomh sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Runnabackan, Co. Ros Comáin
    Bailitheoir
    Tomás Ó Finnegáin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Séamus O' Connolly
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Runnabackan, Co. Ros Comáin