Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)

Suíomh:
Runnamoat, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Gráinne, Bean Uí Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 023

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 023

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
  2. XML Leathanach 023
  3. XML “Na Reiligí insan gCeantar Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus nuair do leag sí súil ar an stráinseár bhuail sí amach. Do labhair an Naomh leí. D'airigh sé an roilic & dubhairt "nuair a gheobfadh bás ní bheidh turas ró-fhada le déanamh agat An freagra a fuair sé Faidh an maide sin i do láimh fé dhó. Tháinig fearg ar an naomh & dubhairt go mbeadh turas níos fuide le déanamh aici.
    Annsin shrois sé Fuarán. Chuir sé teampall & mainistir ar bun & nuair a bhí sé ag munadh na ndaoine & in easbaidh uisce bhuail sé an carraig le a bhata & d'eirigh fuarán aníos & on lá sin amach sin é an t'ainm a tugtar ar an roilic & ar an sráid bhaile.
    Milleadh an teampall leis na ciantaibh & cuireadh roilic ar bun in a timpeall. Tá cuma cearcall ar an roilic. Níl sean lic le feiceál ann acht corr -cinn.
    Níl eolas agam sr na roilicibh eile Árd Ciarán & Ath Cláir mar táid i bhfad on áit sin.
    Níl i gclochar acht roilic beag & ní chuirtear aoinne ann anois acht na páisnibh a gheibheas bás gan báisteadh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Runnamoat, Co. Ros Comáin