Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)

Suíomh:
Runnamoat, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Gráinne, Bean Uí Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 014

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 014

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
  2. XML Leathanach 014
  3. XML “Teach tré Thine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cur síos air.
    Lá breágh, gréine, buidhe, brothallach do bhí ann, an dara lá de Mí Iúil 1922. Bhí an spéir gorm glan gan sgamall : Bhí na h-éininí ag cur a gcroidhe amach le teann áthais; ní raibh puth as aer nuair do chuaidh an teach tré thine.
    Lá Domhnaigh do bhí ann freisin & bhí cuid is mó des na daoinibh insan gceanntar ag an dara Aifreann.
    Ag teacht amach dóibh tháinig iongadh an domhain ortha nuair airigeadar an deatach ag eirigh anuas as an gcoill thart timcheall an tighe. Shíleadar i dtosach gur stabla do bhí trí teine acht nuair d'éirigh na flamaí san aer do ritheadar fé dhéin na h-áite acht ní raibh aon maitheas ann, bhí an teach go léir tré teine.
    Ar feadh an lae bhí torran uathbásach le cloiteál ón na flámaibh agus bhí na splanceanna ag tuitim in a timcheall.
    Ghabh uamhain an domhain ortha leis an radarc uathbásach sin. Tháinig an tráthnóna bailigeadh plód mór daoine on gach aird agus iad in a seasamh gan focal asta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. an gorta mór (~4,013)
    Teanga
    Gaeilge