Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)

Suíomh:
Runnamoat, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Gráinne, Bean Uí Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0263, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Scéal Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus ar a thaobh i sráid baile darb ainm Smáterán tá tobhar mór folláin doimhin.
    Roimh bliadain an Gorta bhíodh a lán daoine in a gcomhnuidhe insan áit sin (táid imighte anois ar slighe na firinne) & géibidis uisce on dtobar sin.
    I dteach éigin bhí cailín mór cneasta fial, datamhail agus aon tráthnóna amháin chuaidh sí go dtí an tobar cun canna fíor uisge a fagáil i gcoir an lae in a dhiaidh sin.
    Do chrom sí síos agus bhí sí ar tí an canna a líonadh nuair a chuala sí torran ar a cúl. D'arduigh sí í féin & cad do chonnaic sí acht cóisde breágh & fear istigh ann.
    Tháinig sé amach & do bheannuigh sé í. D'fiafraigh sé dí a dul in einfeacht leis go dtí a theach-sa mar bhí tinneas ar a mhnaoi. Cailín déag croidheamhail do bhí innti mar dubhairt mé cheadna agus nuair do chuala sí go raibh an bhean breoite & gan duine ar bith a tabhairt deoch dí dubhairt sí leis go rachadh sí ann.
    Isteach leí san gcoisde agus ní raibh sé ró-fhada gur shroiseadar teach an fhir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Fithcille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Baile Mhic Thorlaigh, Co. Ros Comáin