Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)daoine ann ag Padóireacht. In aice an chéad tobair tá tor agus ar a bhun leach agus ar an lic sin tá sean - litreacha & figiúireacha. Ní féidir le iad a léigheamh.
Sin é an chaoi in a dtosuightear ar na paidreacha. -
Ag an lic deirtear An Paidir, cúig Ave Maria déag agus Glóire. Annsin pioctar seacht gclocha mbeaga on bhun an lice & téigeann an duine thart timcheall na h-áite ag rádh urnuighe.
Nuair a thagas sé ar ais arís don lic téigheann sé síos ar a ghlúnaibh & deireann sé seacht bPaidir, seacht Ave Maria & seacht Glóire. Leanann sé mar sin go dtí go mbíonn sé seacht n-uaire thart timcheall na h-áite. Gach uair a thagas sé ar ais go dtí an leac caitheann sé ceann des na clochaibh ar a bun.
As go brách leis annsin go dtí cloch in a mbíonn rian glúin Pádraig. Pógann sé trí coirneáil atá ann. Deireann sé cúig Paidir déag, cúig Ave Maria déag ^ cúuig Glóire déag ann. Cuireann sé a ghlún féin isteach ins an gcloch san spás atá ann.
Téigheann sé ar ais go dtí an chéad tobar nigheann sé a chosa annn. Buaileann sé go dtí an dara tobhar nigheann sé a aghaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)