Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go Fuarán & ón chéad uair a leag sé súil air thug sé grádh a chroidhe dó.
Ins na litreachaibh do sgríobh sé luadhad Fuarán ins na foclaibh seo.
Tugtar grádh mo chroidhe do Fuarán
A dul ar aghaidh leis an sgéal bailigheadh
Plód mór daoine ann nuair a tháinig an Naomh mar bhí a chlú & cáil ann roimhe do mhinigh sé an Fíor Creideamh agus nuair a d'fhéach sé in a thimceall ní raibh braon uisce ann le h-aghaidh baisteadh a bhronnadh ar na daoinibh leis sin do bhuail sé carraigh ar an gcnoc le a bata & d'eirigh as trí srúthan. Rinneadh trí tobhair den sruth & báistigeadh iad leis an uisge. Ón lá sin go dtí lá indiu tá na trí tobair ann.
Do chuir sé teampall agus mainistir ar bhun ins an áit seo & nuair a b'éigin dó a imtheacht go áit áirithe eile. D'fhág sé in ionad fear darb ainm -Ceitheach - Sin ainm an sgoil seo atá againn-ne.
Bhí an teampall ann go dtí aimsear Cromuilligh nuair do leagadh é. An Domhnach is deire i Mí Iúil a lán(leanann ar an chéad leathanach eile)