Scoil: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí

Suíomh:
Béal na mBuillí, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
An tSr. M. Olivia
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0253, Leathanach 191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0253, Leathanach 191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Béal Átha na mBuillí
  2. XML Leathanach 191
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá difriocht mór eadar arán an lae indiu agus arán an tsean-aimsir. D'ithidís arán déanta as coirce is seagal agus nuair an bainne gann fuinidís le h-uisge é.
    Gnití "bacsti" as fataí. Baineadh an craiceann díobh ar dtúis agus annsin do scríobadh iad. Measguidheadh plúr i measg na fátaí agus bacáileadh ar roistín iad.
    Déantar arán as turnaipí fado. Ar dtuis bheirbhuigheadh an turnap i bpota gan uisce agus a bheadh sé bog tógtaí anuas é agus plúr measguithe leis.
    Gnithear comhartha na Croise ar bharr chácha i gcomhnuidhe, mar ceaptar go gcuiduigheann é seo leis an mbacáil.
    Déantar arán-fátaí fos leis na fátaí do lomaradh agus iad a beirbhiughadh agus plúr a measgadh leo.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
        1. arán (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Una Ní Bheannachain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Fraoigh, Co. Ros Comáin
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Beannáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cluain Fraoigh, Co. Ros Comáin