Scoil: Tibohine (uimhir rolla 15544)

Suíomh:
Tigh Baoithín, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Úna Ní Thiomáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0243, Leathanach 196

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0243, Leathanach 196

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tibohine
  2. XML Leathanach 196
  3. XML “Tigh Baoithín - Tibohine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tigh-Baethin in Airteach. Sin ainm na tíre atá ag dul síar ó Dún-gar go dtí abhainn na Luinge agus ag síneadh ó thuaidh go dtí in aice leis an gCaisleán Riabhach. Badh é Mac Diarmada an t-Árd Tighearna nó an taoiseach nó mar a dubhradh go minic "An Rí" do bhí ar an tír seo.
    Deir leabhar Leacan - Mac Diarmada Rí Máighe Luirg agus Airtigh agus tíre Tuathail. An áit ba mhó clú in Airteach ba é Tigh-Baithin é.
    Cérbh é Baoithin? Deirtear go raibh sé in a chol-ceathar go Colm Cille. Deir seán leabhar "Clann dá Dearbhrathair iad" an Dia(?) agus Baethin agus Com Cille, acht níl mé cinnte an iad na Baoithíní céadna iad. Oir ba é Baoithin col-ceathrar do, bhí in a abb ar í nuair cailleadh Colm Cille agus is é lá Meitheamh 10adh a lá, acht is é Feabhra 14 lá Baoithin airtigh agus badh de sliocht Cinell Conaill col-ceathar Colm Cille acht deir feílire Dun na nGall mar seo Baoithin Easbog Mac Cuanac ó Tigh Baoithin in Airteach Connacht no i-n Iarthar Midhe.
    De sliocht Eanna Mhic Néil so mar sin de niorbh iad na daoine céadna iad.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Ní Thiomáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Dr de hÍde