Scoil: Abbeytown Convent N.S. (uimhir rolla 15043)

Suíomh:
Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin
Múinteoir:
Sr. M. Columbanus
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0235, Leathanach 125

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0235, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Abbeytown Convent N.S.
  2. XML Leathanach 125
  3. XML “Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) Dá bhfeiceá réalt ag tuitim bheadh anam ag dul go dtí na Flaithis.
    2) Duine ar bith a bhearfí Dia Domhnaigh ní fheicfeadh sé taidhbhse go deo.
    3) Dá mbeadh cois tinn ort agus an gadhar dhá lígheacán leigheasfadh sé é.
    4) Nuair a mharbhuightear gé oidhche Fhéil Martan cuirtear cuid de'n fhuil ar bhaithis muinntir an tighe.
    5) Ma's uan dubh an chéad uan a fheiceas tú ní bheidh an t-ádh ort an bliain sin.
    6) Ma's searrach bán an chéad searrac fheicfeas tú ní eireócadh an bliain leat.
    7) An fhaid a bheadh duine tinn sa teach ní leigfí aon splannc tineadh as an teach.
    8) Dá gcluaisfeá(?) ceól id'chluais bheadh duine éicínt ag fághail bháis
    9) Ní (?) duine dul isteach 'san teach agus rud ar a (?)
    10) Níl sé ceart (?) breathnú 'san sgathán san oidhche
    11) (?) an cat dubh an t-ádh ar an teach.
    12) Crudh asail ar an tairsigh coinngheann sé an diabhal amach.
    13) Dá mbeadh do chluasa té bheadh duine éicint ag cainnt ort.
    14) Dá mbeadh tochas ar bhois do laimhe bá gearr go gcraithfí lámh leat.
    15) Dá bhfeiceá bioran beag agus a cúl leat bheadh an mí-ádh ort.
    16) Tar éis do'n chat é féin da nígheacán an chéad duine a bhreathnóchadh sé air caillfí go luath é.
    17) Dá mbeadh cearc bhán agus cearc dhubh ag troid thiochfadh strainnséar 'san teach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge