Scoil: Camross, Mountrath
- Suíomh:
- Camros, Co. Laoise
- Múinteoir: Pádraig Ó Heifernáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camross, Mountrath
- XML Leathanach 129
- XML “Camros”
- XML “Eanach Truim”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceanntar ar an dtaobh thiar-theas de Chonntae Laoighise 'seadh Camros. Déanamm sé uille mar a dhéarfá, le Ros Cré ar an staobh-theas agus Móin Rátha ar an dtaoibh thuaidh. Is fada cam an slighe go Camros, ach, nuair a sroistear é is breágh é.
Áit acrach sláinteamhail folláin í imeasg na sléibhte gorma fraothmara.
'Sé an ainm atá ar an gceanntar fairsing seo ná Coill Uachtaracha Ní féidir shárú idir áilneacht agus slántacht an talamh seo luaidhte - Coill Uachtaracha - in a luighe ar bhruachta an Fheoir agus an Duilleabhair. Tagann an dá abhainn anuas ó's na Sléibhte Bladhma. Is annso a chomhnuigheadh Muinntir Dubhshláinghe fadó.
Tá trí is caoga mhílte acra talmhan sa pharóiste seo. Annso is annsúd sa pharóiste cheadna ta fothracha caisleán agus cill, agus is ortha seo a bhéidh mé ag trácht anois. - Áit go mór le rádh í sa pharóiste iseadh Eanach Truim trí mhíle de shlighe siar ó Móin Rátha.
'Sé an ainm a bhíodh uirthi fadó na Eanach.(leanann ar an chéad leathanach eile)