Scoil: Athgarvan, Curragh (uimhir rolla 13350)
- Suíomh:
- Áth Garbháin, Co. Chill Dara
- Múinteoir: Bean Mhic Niocaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Athgarvan, Curragh
- XML Leathanach 166
- XML “Scéal M”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal M
“Bhí duine muintearda leo agus Brían Ó Céarnaigh ab' ainm dó.”
Bhí triúr de mhuintir Chearnaigh 'na gómhnuidhe in aice le tigh m'athair i gCill Mháille. Bhíodar suas le 60 bliadhain d'aois nuair a bhí m'athair 'na stocach. Nuair a théigheadh m'athair isteach sa tigh chúca ní stadfaidís ach innsint scéal dó. Go mór mór scéalta ag cur síos ar na sprideanna agus púcaí a chonnaic a muintear féin i Carrahen mar is ón áit sin a thangadar go Cill Mháille . Bhí feirm bheag acu i gCill Mháille ach nuair a bhíodar 'na gcómhnuidhe i Carrahen is amhlaidh a bhíodar ag obair do dhuine uasal. Seo síos cuid des na scéalta a d'innsídís.Bhí duine muinteartha leo agus Brían O Céarnaigh ab ainm dó. Bhí sé in aimsir ag duine uasal agus is minic a bhíodh air an chuid is mó den oidhche a chaitheamh ag gabhail mór timcheall coille ar eagla go mbeadh aoinne ag goid na gcoiníní. Bhí tigín beag ag Brían ó Céarnaigh ach bhí sé tamall maith ón dtig-mór. Bhí sé oidhche ag dul abhaile go dtí a thigín féin agus bhí sé an-dhéanach. Bhí sé ag gábhail trí pháirc agus é ag siúbhal ar shórt casáin a bhí ag rithtrí lár na páirce. Bhí bearna ar an gclaidhe os a chomhair amach agus bhí sé ag déanamh ar an mbearnan nuair a d'airigh sé an tóir ag teacht 'na threo. Cad a bhí ann ach an-chuid marcach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bean Mhic Niocaill
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Cearnaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mháille, Co. an Chláir