Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán P. Ó Súilliobháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an stoca idir dhá lic. Do beir se air ceann an stoca chun é thógaint act do bí sé lobhtha agus do phleasg sé. Dtimig an tór go léir lé fánáidh trí na leacacha agus ta se riamh ó shoin agus sin é an slíghe go bfuair an cnoc a ainm
- Bhí aimsir fadó go dtugtaí aimsir na bPéin Dlighthe ortha. Do bhí an Sasanac a diarraidh an Creideamh Caitilícidhe a glannadh amach as Éirinn. Ins an am san is é an luach a geóbhfaí ar ceann mac tíre ná cúig púnt, agus is é sin an luach céadhna a geóbfaí air ceann sagart. San am gcéadhna bhí fear na chómhnaidhe i bParóiste na Cathrach agus bhí triúr mac aige. Bhíodar ana bhocht sa tsaoghal, agus óidhche áirithe do chuimhnuigheadar air sheift cun airgid a dhéanamh, agus bé seift é sin ná sagart a mharbhúghadh. Is é an áit a bhí an sagart na chómhnaidhe ná(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Mac Criothain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Urlaí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Criothain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Cill Urlaí, Co. Chiarraí