Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán P. Ó Súilliobháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    poinnte Bhéara do scaoil sé an dara snaidhm ag sin é an uair a bhí an bád ag déanamh an siúbhal buile tríd an bhfairrge . Nuair do bhíodar lár bhagha isteach dubhairt Tadhg leis an bhfear a bhí i n,aonfheacht leis go scaoilfheadh sé an triomhadh snaidhm agus seisean leis gan bac leis go raighdís sa ghóilín. Nuair do bhíodar ag gábhail an góilín isteach do scaoil sé triomhadh snaidhm. Do shéid stoirm mhór agus do briseadh an bád agus is le téad a shaoradh Tadhg agus an fear a bhí in aonfheacht leis. As san amach ní fheacaidh Dhia ná duine Thadg i gCorcaigh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí báile ann fadó agus do bhí sé ag siubhal an bhóthair nuair do bhuail an diabhal leis . Do bhíodar ag siubhal leó is ag cainnt le na chéile ar fead tamall, go bhfeacadar bó i ngarraidhe chabáiste. Do rith fear amach as tig agus dubhairt sé. Ó mbeiridhigh an diabhal leis tú mar bó tá mo cabáiste go léir itte agat. Ó arsa an Báile tóg leat an bó san . Ní fheadainn é arsa an diabhal mar ní ó na chroidhe a dubhairt sé é. Do bhailigheadar ortha airís agus do chonnacadar tig ar thaobh an bhóthair . Do rith garsún
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Cártha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Liatroim, Co. an Chláir