Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán P. Ó Súilliobháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
  2. XML Leathanach 176
  3. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tá droch aimsir chúghainn. Má bhíonn cos ón n-gréin tá droc aimsir chúghainn ach ní i gcómhnuidhe é. Má bhíonn boisín ar an n-gealaig nó má bhíonn sí ar a beul fúithe tá cómhra droc aimsir chúghainn. Má fhagann an saga an fhairrge nó má bhíonn na faoiláin ag eitilt go árd san spéir tá droc aimsir chúghainn. Má thagann an rón isteach ar an dtráig tá droc aimsir chúghainn. Cómhra eile droc aimsire iseadh an cat i n-aice na teine nó na cearca ag priocadh a chéitle. Má bhíonn an aimsir ana fhuar ar fad tá gála chúghainn. Cómhra eile stoirme iseadh an gealach a bheith ag imtheacht ana thapaidh. Má bhíonn calm ana mhor sa gheimhreadh tá droc aimsir chúghainn mar níor sheasaimh riamh calm gheimhridh. Má bhíonn seachtmhain breágh ann beidh an Aoine fliuch nó fuar mar bíonn an Aoine deifireach i gcómhnuidhe leis seachtmhain. Má bhíonn boisín ar an dtaobh thiar tá droich aimsir chúghainn agus má bhíonn sí ar an dtaobh shoir fé bhun an Átha tá aimsir trim chúghainn. Má bhíonn caipín ceóig ar an Scairbh tá coighcíos droch aimsir chúghainn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Cárta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Cárta
    Inscne
    Fireann