Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán P. Ó Súilliobháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 175

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 175

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile 'n Sceilg (B.)
  2. XML Leathanach 175
  3. XML “Cailín do Chónaigh sa Pharóiste seo Fadó”
  4. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus do thóg a cota teine acht do mhuch sí é. Annsan dimthig sí léíthe i díarraidh buicéíd uisge agus ar a slighe di do rith girrfhíadh roimpi agus ar teacht abhaile do cualaidh sí an cuach na cúl. Tháinig sí abhaile annsan agus ní dubhairt sí aon-nídh. Seactmhain na dhiaidh sin do phós sí agus taréís an séipéal dfhághaint dóibh do thánadar abhaile agus lár na bháireach do cailleadh a fear agus do bhí ana brón uirthi rud nárbh bionghadh agus dubhairt sí léithe féin nárbh aon ana comhartha na neithe a thárla di an maidean sar ar phós sí "mar ar sise"

    Do dhóghas mo cóta ar dtúis
    Connac an girrfhiadh ar an drúcht
    Do labhair an Chuach am cúl
    agus daithnuigheas féin a rúin ná raghadh an blíán seo liom
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is í an gaoth aniar ndheas is mó a bheireann báisteach léi. Má bhíonn aimsir breágh chúghainn ar theacht na gealaighe ní thagaidh aon athrú uirthe go mbeidh sí lán. Má eirigheann dath dearg fé bhun na spéireach agus má scaipeann sí ar fuaid na spéireach tá aimsir breágh chúghainn. Má bhíonn na taoidí ag imtheacht ón dtalamh tá cómhra aimsir breágh ann. Má bhíonn an gamhnach nó tráig phraisce ag cainnt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Mac Cárta
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cill Rialaigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Mac Cárta
    Inscne
    Fireann