Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí triúr ban i mBaile's Sceilg Thiar, Oídhce amháin roimh Nodhlaig do
bhíodar na suídhe cois na teine agus dheineadar suas a n-aigne dul Dia Céadaoin a bhí chúcha go Cathair Saidhbhín fé dhéin sómhlas na Nodhlag. D'fhág an triúr a dtighthe roimh lá agus bhíodar ag cur an bhóthair díobh nú go rabhadar dhá mhíle ó bhaile nuair a chonnacadar solus i dtigh a bhí sa pháirc isteach ón mbóthar.Agus le línn iad ag gabháil thar an bpáirc do h-oscaladh doras an tíghe agus do rith bean an tíghe amach chúcha ar ar an mbóthar agus d'fhiafruig sí díobh an rabhadar ag dul go Cathair Saidhbhín. Táimíd ar siad san. Fanáidh liom-sa ar feadh cúpla neómat agus bead lé mbhúr gcois. D'iompuig sí ar an dtig agus chuaidh na mná ar scáth bhínn an tíghe ó chith a bí ag teacht. Ní fada a bhíodar na seasamh ann nuair a chualadar an choisídheacht ag déanamh ortha an bóthar aniar agus dar leó féinig gur fear a bhí ar siúbhal ar leath-bhróig a bhí ann. Bhí sé ag déanamh ortha agus é ag cur de go tréán ar a leath-bhróig agus fiadh bheart mór air a dhrom oiread botháin de bheart. Ghaibh sé thórsa amach agus d'infhiúchadar é go maith agus gan air acht bhróg amháin. Chuir sé ana(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Bean Uí Fhianachta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí