Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó éistigidh liom seala go 'neósad mo sgéal díbh
An branar san t-éirleach a deineadh thar bár.
Ag an Áraicéin gaoithe do ghluais trí sna spéartha
O'n Sgeilg do shéid sí is andheas ó Lomáin.
Ní'l crann ná tor aitinn sa talamh in-aon áit
Nár strac sí ó céile gan aon ruainne spáis.
Do leibhéal sí an cathair is Dairbhre taobh leis,
Gan foithin ó'n spéir go uair bheag roimh lá
(II)'S is mór an díombáh ó Chorcaig go Ráth,
Ó Bheanntráighe go Blárnain is cois Sgeilg Mhíchíl,
Ó thuaidh chun Cíll Áirne is gac cuan daingean láidir.
Gur leag sí gach fál is do bhris sí na crainn.
Níl mullóg ná maol chnoic na gleann go Mínéadain
Ná gur sgrios sí gach taobh mar a bheárfhadh an deímheas
'S an Leomhan cuthaig éachtach da dtiocfadh na ghaor súd
Do treasgaródh tréith é lag marbh gan bhrígh
(III)Sgríobhfaimíd líne mór-dtímhcheall na h-Éireann.
Chun go bhfaighmíd fios sgéil ar gach ár agus gníomh
Na tighthe dín raobtha na gceó is na spearthaibh
Agus cuisníghe dá shéideadh agus splanncacha nímhe,
B'atuirseach leanmhar dúbhach aindhis an sgéal é,
I lár an duíbhe réidh úd istoídhche Diardaoín,
Gach fear ar cheann téide is na páisdí ag béicig.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí