Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 136

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 136
  3. XML “Dómhnall Ó Séaghdha agus Dómhnall na mBó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cé eile a beadh ann ach mé féin. Maith fear a Dhómhnaill arsa'n sagart. Tar annso isteach chúgham. Chuaidh agus croith an sagart braon uisge coiscreacan air. Ó faire go bráth athair arsa Dómhnall is mór an náire mé , feach an ghabhailt seo atá orm, Bhí iongadh mo cróidhe orm cad na thaobh go raibh na daoine ag teicheadh uaim ach chím anois go raibh cúis acu beith ag teicheadh . Ní h-aon nídh é sin a Dhómhnaill arsa' n sagart tiocfhair uiadh. Cheistig sé Dómhnall annsan ar conus a bhain an méid sin dó. Dinnis Dómhnall dó focal ar fhocal mar a bhain dó. Á a Dhómhnaill arsa an sagart, Dómhnall na nGéimleach a bhuail leat agus dá dtabharfá-sa aon eachtra beag dó san sgaoilfeadh sé abhaile thú fé mar a sgaoil sé abhaile an fear eile. Nuair ná raibh aon sgéal agat thug sé siúd sgéal le n-innsint duit go mbeidh cuímhne agat air fad a mhairfhir.Cuir an sagart ar mhuinntir Dhómhnaill Uí Sheaghdha agus dubhairt sé léo éadach Dhómhaill a thabhairt chuige agus thugadar. Chuir Dómhnall air a chuid éadaigh agus ghluais sé air abhaile cómh maith is a bhí sé aon lá riamh na saoghal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2412B: (The Man Who Had No Story)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Siocfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí