Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag teicheadh uaidh. Chuadar sa tig ba ghiorra dóíbh agus nuair a ínnseadar a scéal annsan do bobhaltáladh na dóirse ar eagla go leanfadh sé iad ach níor lean. Shín sé ara an raca agus d'fhan sé ann . Bhí an Domhnach amáireach ann agus thosnui na daoine bheith ag dul go dtí an t-Aifreann. Thosnuig Dómhnall Ó Séaghdha bocht ar bheith ag dul go dtí an t-Aifreann cómh maith léo.Ach má seadh , chómh luath is tháinig sé i radharc na ndaoine bhí na daoine ag gearradh cómngar na páirceanna uaidh go tiugh, agus n'fheadar sé cad na thaobh ,é. Níorbh aon nídh an sgéal nó gur dheaghaidh sé isteach sa tséipéál agus pé méid daoine a bhí istigh sa tséipéal, bhíodar ag leagadh a chéile ag dul amach uaidhsr slíghe sa deireadh ní raibh aoinne sa tséipéal ach é féinig. Bhí an sagart sa "sacristy" ag cur culath an Aifrinn air agus nuair a chualaidh sé an fuirse ar fad sa tséipéal deirigh sé amach ar an altóir féachaint cad a bhí ag déánamh an fhuirse agus chonnaic sé Dómhnall Ó Séaghdha agus an aibíd air. Labhair sé leis agus seo mar adubhairt sé "I gcúntais Dé a Dgómhnaill Uí Shéaghdha an tú atá ann, nó an í do spirid atá ann." Dar a pháis Dia a Athair arsa Dómhnall ó Séaghdha(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Siocfhradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí