Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Dómhnall Ó Séaghdha agus Dómhnall na mBó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus dubhairt sé leis an chómhra nuadh a bhí istigh sa tuama a thabhairt amach chuigis. Thairg sé 'mach í. Dubhairt sé leis an clúdach a bhaint di agus an corp a bhí istigh innte a thógaint amach chuigis. Dhein sé rud air. Dubhairt sé leis an aibíd a bhaint de'n fhear marbh agus dubhairt sé leis a chuid éadaigh féin a bhaint de anis agus iad a chur ar an bhfear marbh agus an aibíd a chur ar féinig. B'éigin dó, Nuair a bhí san déanta aige dubhairt sé leis an cómhra fhollamh a chuir isteach sa tuama arís. Do dhein agus dubhairt sé leis an fhear marbh a chur a dhrom chuigis. Ghluaiseadar aortha fé dhéin an tíghe annsan. Do chuir sé Dómhnall Ó Séaghdha agus an fear marbh sa tseomra agus bhuail sé an glas ortha. Nuair éirigh Dómhnall na mBó ar maidin chuir sé tuairisg Dhómhnaill Uí Sheaghdha agus dubhairt fear an tíghe go raibh sé glanta leis abhaile leis an moch- éirighe. Bhí ana iongadh ar Dhómhnall na mBó nár ghlaoidh sé air féinig ach níor leog sé aon nídh air. Thug sé agaidh ar an mbaile agus nuair a shrois sé ní raibh Dómhnall Ó Séaghdha sroiste roimis. Istoidhche Deardaoin ab eadh í sin. Thóg fear Chíll Áirne an fear marbh an oidhche sin ar chapall Dhómhnaill Uí Shéaghdha agus níor stad sé nó gur tháinig sé go doras tíghe Dhómhnaill Uí Sheaghdha ar an Lóthar. Chualaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2412B: (The Man Who Had No Story)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Siocfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí