Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 132
  3. XML “Dómhnall Ó Séaghdha agus Dómhnall na mBó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leó eachtara dó. Fear mór sgéalta ab eadh Dómhnall Ó Séaghdha .Dubhairt Dómhnall na mBó cúpla amrán nó trí dhó agus trí sgéalta fiannaidheachta. Seadh anis arsa fear an tíghe le Dómhnall Ó Séaghdha. Tá sé seo tuirseach ó bheith ag cainnt. Tabhair-se sgéal nó amhrán éigin uait. Níl aon nídh agam arsa Dómhnall Ó Séaghdha. Tá eachtra éigin agat a dubhairt sé. Níl arsa Dómhnall ní aon mhaith dhuit bheith liom. Bídhíd ag feistiú chun dul a chodladh mar sin. Chuir sé anáirde i seomra a bhí ar lochta , Dómhnall na mBó agus dubhairt sé leis dul a chodladh ann. Nuair a fuair sé sa leabaidh é do bhuail sé an glas ar doras an tseómra. Chaith sé Dómhnall Ó Séaghdha i seómra a bhí síos as an dtig agus bhuail sé an glas air. Ní mór an chodladh a bhí déanta ag Dómhnall Ó Seaghdha nuair a bhuail fear an tíghe isteach chuigis agus gunna aige. Dubhairt sé le Dómhnall Ó Séaghdha bheith 'na shuidhe go tapaidh agus a chuid éadaigh a chuir uime. Dubhairt sé leis é féin a leanúint agus béigin dó. Thóg sé leis é go roilig a bhí tamall e'n dtig agus níor stadadar nó gur dheaghadar go béal tuama a bhí ann. Dubhairt sé le Dómhnall Ó Séaghdha an leac a bhí i mbéal an tuama a iompáilt i 'leathaoíbh. Dhein
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2412B: (The Man Who Had No Story)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Siocfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí