Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 117

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 117

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 117
  3. XML “Gabha na gCleas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ní raibh an mac aige. D'fhiafruig athair an gharsúin d'fhear an chapaill cár fhág sé a mhac . Dubhairt sé na feadar sé cá raibh sé, agus do chaith sé ádhbairín aigrid ar an mbóthar chuige. Thosnuig an t-athair ag priocadh an airgid suas , agus nuair a chonaic fear an chapaill é sin do chuir sé chun bóthair chómh tapaidh is bhí i gcosaibh an chapaill é dhéanamh. D'imthig an t-athair abhaile , agus d'innis sé an scéal dá mhnaoi., agus dubhairt sé go gcaithfeadh sé na cosa go dtí na glúine chun a mhac d'fhághail. Do dhein an bhean lón dó agus do chuir sé sa tsiúbhal. Do bhí sé ag cur de go dtí gur tháinig sé go dtí abhainn. Chonac sé fear ag iascaireacht san abhainn, agus na h-aon breac a mharbhuigheadh sé chaitheadh sé uaidh ar an bport é. Thosnuig an fear eile ag bailiúghadh an éisc agus ag déanamh aon charnáin amháin de, go dtí gur bhuail an t-iascaire féin leis. D'innis sé a scéal don iasgaire mar gheall ar fhear an chapaill."Beidh cuardach agat do mhac d' fhágháil, mar is cleasaidhe an fear san . Ach b'fhéidir ná beadh sé ró dhian ort má dheineann tú fé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Drisceóil
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Seochfhradha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    40
    Seoladh
    Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí