Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 108

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 108

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 108
  3. XML “Murchadh agus Maonas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i gCúige Laighean darab ainm dó Maonas agus bhí fear eile i gCúige Mumhan darab ainm do Murchadh. Ins an am san níorbh fhéidir aon bheirt fhear fhágháil ba threise ná iad, Gaibhne ab eadh iad araon. Ní raibh aon aithne aca féin ar a chéile. Do ghluais Maonas lá chun aithne do chur ar Murchadh agus capall fé. Bhí sé ag cur de an bóthar gur tháinig sé ar céardhchain do bhí ar thaobh an bhóthair mar is gnách gur ann a bhíonn gach ceárdcha déanta.Thairig sé isteach a chapall go dorus na ceárdchan. Dubhairt sé leis an gabha istigh rud éigin do leogaint amach chuige 's dodheargóchad a phíopa. Do rug an gabha istig ar an dteannchair agus do bhuail sé sméaróid de'n teine dhearg ar soc na h-inneóna agus do thóg sé chuige's amach í. Ba mhaith an mhaise sin de'n fhear amuigh. Do rug sé lena leath-láimh ar an inneióin agus do dhearg sé a phíopa leis an sméaróid, Dheineadar ionad coinne le na chéile annsan triall a bheith eatardha lá ' r na mhaireach féachaint ciacu a aca ba threise. Ins an oidhche sin do buailead fuinneóg Murcadh ó'n dtaobh amuig.Do labhair sé d'fiafruig cé bhí amuigh.Do freagair a bhean agus dubhairt sí "Mise bean Mhaonas, do dhíthígheas Maonas mar b'féarr liom de fhear thusa ná é" ar sise. Labhair sé agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Murchadha
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Miceál Mac an Roigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí