School: Baile an Sceilg (C.) (roll number 8350)

Location:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Teacher:
Bríghid Ní Fhianachta
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 103

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0478, Page 103

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Page 103
  3. XML “Seanmhná Shliabh na mBan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí sí ag sníomh ana dheanach oidhche amháin. Do ghaibh seana-bhean isteach chúiche agus thosnuig sí ag sníomh na teannta. Ba gheárr gur ghaibh a thuille seana-mhná isteach agus thosnuigheadar ag sníomh. I gcionn tamaill dubhradar le bean an tighe buicéad uisge a thabhairt isteach chúcha chun go ndeanfhaidís cupán té. Chuaidh sí amach fé déin an uisge agus dfan sí tamall cois an doruis ag éisteacht leó féachaint cad a bhí ag siubhal aca agus sé an rud adubhardar ná nuair a thiocfadh sí isteach leis an uisge, go gcuirfidís i féin ag beirbhiú sa chorcán i naonfheacht leis an uisge. D'imthig sí uirthi annsan agus bhuail sí a cos ar chloich, agus dubhairt sí ná leogfá-sa dhom féin mar ní beag dom atá ar thí mé marbhíúghadh. Mise do mháthair ars an chloch agus nuair a raghair isteach anois abair leis na seana-mhná go bhfuil Sliabh na mBan tré teine. Dhein sí fé mar adubharadh léi agus súid leó amach. Daingnig bean an tíghe an babhlta sa doras na ndiaidh agus chuaidh sí chodhladh di féin. Ba gheárr gur thángadar agus fearg ortha toisc gur innis sí éitheach dóibh. Dubhradar léi oscailt ach ní oscalóchadh sí dóibh. Dubhradar leis an dtlúgh oscailt ach dubhairt an tlúgh go raibh sé féin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Language
    Irish
    Collector
    Eíbhlín Ní Leathlobhair
    Gender
    Female
    Informant
    Mícheál Ó Súilliobháin
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí