Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus gan é sparáilt, agus caithfead sa bheith ag imtheacht go dtí an thig féin. Bhí trí bharaille thíos sa tseómra go raibh feoil ionta. Chuaidh mac na baintríghe síos fé dhéin ruaine feóla. Bhuail sé a lámh ar an gcéad bharaille. Is liom sa é sin ars' an guth. Chuaidh sé go dtí an tarna baraille ach be an sceal ceadhna é. Chuaidh sé go dtí an tríomhadh baraille. Is liom sa é sin arís ars' an guth. Á ní leat iad go léir ars mac na baintríghe. Chuaireadar an fheoil ag beirbhiú agus d'itheadar a ndóthain di. Chuadar a chodhladh annsan agus ní ró fhada a bhíodar na gcodhladh nuair a ghaibh triúr fear chúcha isteach sa tseómra agus cómhra ar a nguailne acu. Leigeadar anuas an chómhra agus dimthígheadar ortha amach arís. Doscail mac na baintríghe an cómra agus chad a bheadh istig ann na fear marbh. Thóg sé amach é agus thosuig sé bheith dhá shéideadh lé h-ais na teine. Ba ghéarr go dtáinig an t-anam arís ann. Chuir sé isteach sa leabaidh é i dteannta an fhir eile agus shín sé féin taobh amuigh de. Bhí an fear marbh ag eirighe crostála sa leabaidh agus dubhairt mac na bainttighe leis mara bhfanadh sé socair go gcaithfeadh sé amach ar an dtalamh é. Thosnuig sé bheidh ag brúghadh an fir eile i gcoinibh an falla. Leim se sin amach an fhuinneóg lé scannradh. Is tusa an fear is feárr a sheasaimh riamh im choinibhj-se ars an fear marbh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eíbhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí