Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus gan ball ruadh ná loscadh a bheith air 'na dhiaid , nú gur dó ba mheasa . Le linn na bhfocal so a rádh do mhunntir an tíghe, d'imthígheadar an doras amach. I gionn tamaill do thuit an fear marbh ó Liiam isteach sa teine. Dóghadh agus loscadh ort arsa Liam,agus d'imigh sé an doras amach in ndiaid na coda eile. Tareis tamaill do thángadar go léir thar n-ais i bhfochair a chéile. Seadh anois " A Liam" arsa fear an . tíghe, tá scéal nuadh agat,agus ní raibh aon scéal nuadh agat ó chianaibh. Taréis beagán aimsire ,do thuit Liam 'na chodladh agus nuair a fuaradar é 'na chodhladh,do dheineadar suas fear bréige,agus do chuireadar isteach na thrucaill é, agus do thóg sé leis abhaile é i na fhear marbh.,agus do cuireadh an lá san é . D'fhill Liam ar an dtigh céadhna airís , agus nuair ná raibh sé ag dul abhaile , dubhairt a bhean le buachaill aimsire a bhí aice, go mbfearra dhóibh pósadh ,agus gan í bheith ag taibhairt tuarastail dó ó'n uair is go raibh Liam marbh. Do phósadh an lá san iad agus ní raibh airgead an phósta aice a thabharfadh do'n sagart ,ach muc a bhí aice gurb ainm dí pardún.Lá ar na mháreach ,do chuaid Liam abhaile , agus ní leigfeadh a bhean isteach é , mar do cheap sí gur ó'n saoghal eile a bhí sé ag teacht . Seadh b'éigean do dul isteach i dteannta na muice go maidean,agus maidean Domhnaigh dob eadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Dá
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Cinn Aird Thoir, Co. Chiarraí