Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige, , ag díol bioráin, is snáthaidí. Do bheannuig sí dhó, agus do bheannuigheadar araon do'n a chéile. Do bhíodar ag cur díobh ar feadh tamaill,agus iad ag innsint a gcúrsaí dá chéile. Bhí an deireannaighe, agus an meirgídhe ceóid ag teacht,agus do chonnacadar tig tamall uatha, agus do chuadar fé na dhéin, féach a bfaighdís loistín na h-oidhche.Bhí fáilt agus fiche rómpa ag mnaoi an tíghe sin. Ar feadh tamaill mhaith de'n oidhche bhíodar ag innsint scéalta dá chéile, go dtí go raibh sé aimsear codladhta. Chuaidh an peidléar i seómra leis féin , agus an bhaintreabhach i seómra eile. I lar na h-oidhche amach, do chualadih an bhaintreabhach an gearán i seómra an pheidléara. Do chuir sí cluas uirthe féin, agus cé bhí istigh i seómra an pheidléara ná bean a ' tíghe, agus a mac. Do bhí an peidléar ag gearán , fé mar a bheadh sé leath marbh acu.agus ba gheárr gur thángadar isteach sa tseómra 'na raibh sí fhéin, agus solas acu. Do leog an bhaintreabhach uirthe bheith na codhladh, agus d'fhéachadar ar na súile go maith aice. D'imthígheadar uaithe annsan, agus do chuarduigheadar a cuid éadaig, féach a bhfaighdís aon airgead, ach ní bhfuaireadar ach cúpla scilling a bhí istigh ins na stocaí,agus do thógadar an méid sin. Annsan do labhair an máthair le na mac, agus dubhairt Dhera ní dhéanfaimíd a thuille cuarduig tímcheall ar an mnaoi bhocht seo, mar níl aon airgead aice. Do chualaid an bhaintreabhach gach aon fhocal dá ndubhradar,(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conchúbhair Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Com, Co. Chiarraí