Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lánamha ann fadó , agus do bhí aon mhac amháin acu. Bhí feirm bheag talmhan acu, ach mar sin féin, bhíodar ana bhocht. Do bhí an mac go h-ana -óg, nuair a cailleadh a athair, agus ní raibh sé ábalta ar an talamh d'oibriú. Do bhíodar chómh bocht san sa tsaoghal, ná feadar an bhaintreadhach bocht ansan, cad a dhéanfadh sí , ach taréis tamaill do dhíol sí an talamh, agus nuair a bhí an mac críonna a dhóthain , do chuaidh sé ins na saighdiúraithe. Ní raibh aon eólas aige'n a mháthair mar gheall air, agus n'fheadar sí cár ghaibh sé. Do bhí sé ag déanamh árd trioblóide dhi, ach fé cheann bliadhna do scríbh sé chúichi agus d'innis sé di go raibh sé ins na saighdiúraithe,. Nuair a léighidh sí an leitir , agus nuair a fuair sí amach cá raibh sé , do bhí áthas a croidhe uirthe. Annsan dubhairt sí 'na h-aigne féin go raghadh sí ar a thuairisc lá éigin. Do dhein sí cúpla peidhre stocaí dhó, chun iad do bhreith chuige. Nuair a bhí na stocaí cniotálta aice,lá amháin d'imigh sí uirthe ag triall air. Cé gur mó míle fada a bhí sé uaithe, is ag coisídeacht a chuaidh sí, mar ní raibh aon tslíghe eile aice chun imtheachta . Bhí sí ag cur di ar feadh trí lá agus an ceathrú lá bhuail peidhleár léi, agus bosca(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Shúilliobháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conchúbhair Ó Súilliobháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- An Com, Co. Chiarraí