Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 080

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 080

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 080
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    108 Is fada an rud bior gan biadh.
    109 Is fada cuimneamh seana gárlaig.
    110 Is dóigh le gaduidhe na gcruach gur bradach é an sluagh.
    111 Seacain mórtus is glóire díomhaoin.
    112 Focal aimide nó dealg laibe.
    113 Fiodán cait a leaca líghe is tá cead aige feachaint air an rígh.
    114 Is fada a bheidh do ghníomhartha féin baistighthe ort.
    115 Do chaithfeadh na h-aoinne airgead ach is fear gasta bhaileóchadh é.
    116 Dlígh na iasachta an t-earraidh do bhriseadh.
    117 Dá tarraingeóchadh capall an choill mharbheócadh aon ualach amháin é.
    118 Cogadh gan eagla is gorta gan riachtamas.
    119 Céadhlocan fada is ceal na mbróg dheineann seandhuine do dhuine óg.
    120 Bheirimse mo mhallacht d'aon neach coidhche d'altóchadh dá bheile go gcaithfeadh sé é.
    121 Is fearr cuigeann beag agat féin ná cuigeann mór ar an mbaile úd thall.
    122 An rud a gheibhtear ar druim an diabhail imthigheann sé fé n a bholg.
    123 Cómh faid a theidhéánn fuacht agus teas , cómh faid a théideann fuath agus grádh ach téidheann an doiceal go dtí an smior agus fanann sé ann go brach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Murchadha
    Inscne
    Baineann