Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an tsean - aimsir fadó sar ar raibh aon tsolas sa Sceilg.Bé an duine gur leis an chloch san am san ná an Seana- Bhuithléarach ar an gCoirreán agus maireann cuid dá threabhachas fós ann. Do bhí cúigear nó seisear fear tógtha ar a bpágh aige chun féachaint i ndiaidh na cloiche agus gan leogaint daoinne aon chur 'isteach ar na h-éanlaithe a bhí na gcómhnuidhe innte. Ón Rínn i mBaile 'n Sgeilg ab eadh iad san mar fhearaibh agus théighdís cúpla uair sa tseachtmhain i rith an t Samhraidh le bád sa chloich. Seán Ó Leidhin ab ainm den fhear a bhí mar captaoin ortha. . Aon mhaidean amháin is iad ag dul ann is nuair a bhíodar ag cur Ceann Bólais amach díobh do labhair duine de 's na fir. Donnchadh Ó Drisceóil ab ainm de agus fear ana ghéar radhairceach ab eadh é. Tá an chloch robálta ar seisean leis na fir. Cá bhfios duit ar siad san. Tá bád i gCuas an Daill sa chloich agus crann na sheasamh innte. Is amhlaidh a bhí an chuid eile ag gáiridhe fé mar bhí an chloch naoi míle uaidh san am san.. B'fhíor de mar nuair a shroiseadar an Sgeilg bhí naomhóg ón nDaingean ann rómpa agus na fir i dtír agus bhí mórán éanlaithe marbh acu. Thugadar fé mhuinntir an Daingin a thógaint chun príosúnaigh a dheanamh díobh ,ach do bhí cath mór acu ar slíghe gur briseadh lámha agus cosa chuid acu agud do cheangaluigheadar annsan iad agus thugadar leó sa(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Leathlobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Leathlobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí