Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 070

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 070

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Sceilg (C.)
  2. XML Leathanach 070
  3. XML “An Signum”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tímcheall cead bliain ó shoin do bhí scoil ghairid i mBaile 'n Sgeilg. Sé an ainim a tugtí ar an bhfear a bhí ag múineadh ná an maighistir bacach mar do bhí chos ghairid fé. Ba mhór an traeson Gaedhluinn do labhairt i naonchor san am san. Sé an pionós a chuirfí ar duine a chloisfheadh an máighistir ag labhairt Ghaeluinne ná an cipín beag a bhí aige do chrocadh ar a mhuineál agus sé an ainim a bhí air sin ná an Signum. Ba mór an ceann fé agus cúrsaí magaidh ag an gcuid eile des na buachaillí é sin. Do bhí an Signum air crochadh ar feadh abhfad ar bhuachaill darab ainim Donnchadh Ó Laoghaire agus bhí sé ag faire go dian chun sgarúint leis. Aon maidean amháin is é ag teacht go dtí doras na scoile do chuala sé buachaill eile ag labhair Ghaeluinne. Ó h-anam an diabhal Paddy O Shea is spaking Irish. Do chualaidh an máighistir ag easgainí é, thug sé leis isteach é agus théidh na cliatháin go maith aige agus dhaignidh an cipín níos a bfeárr air.

    Eibhlín Ní Leathlobhair
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Leathlobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eamonn Ó Leathlobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile an Sceilg, Co. Chiarraí