Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)
- Suíomh:
- Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríghid Ní Fhianachta
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhás ná scaoil an tríomhadh snaidhm. Do dhein Tadhg mar a dubhairt an bhen leis. Nuair a scrios sé Oileán na gCánóg dubhairt sé ná raghad sé abhaile go dtí go mbeadh fhios aige cé'n bun a bhí leis an tríomhadh snaidhm. Do chuaidh a bheirt páirtithe bog is cruaidh air gan é dhéanamh. Dubhradar go rabhadar buidheach go leór mar gheall ar an méid de'n bhfarraige a bhí curtha dhíobh acu. Nuair a chas sé isteach i Góilín do scaoil sé an tríomhadh snaidhm i n-aimhndheóin na bpáirtithe. Do shéid an gala is mó a shéid ó shoin, agus do stracadh na seolta agus do briseadh an crann, agus do caitheadh isteach i n-Oileán beag an bád.
Ar feadh dhá mhíle tímcheall an Góilín níor fhág an gála coc féir ná díon ar thig gan reabadh. B'shin an turas dereannach a thug Tadhg Rábach i n-a bhád.- Bailitheoir
- Síghle Ní Drisceóil
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Seochfradha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí