Scoil: Baile an Sceilg (C.) (uimhir rolla 8350)

Suíomh:
Baile an Sceilg, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Bríghid Ní Fhianachta

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Trí Snaidhm

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0478, Leathanach 068

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Do bhí triúr fear 'na gcómhnaidhe i n-Oileán Dairbre fadó gurb' ainm dóibh Seán Meachair, Tadhg Ó Conchubhair, agus Tadhg Rábach. Ní raibh aon nídh sa tsaoghal acu ach báidín, agus b'é a ngnó bheith ag trádáil ó Oileán Dairbre go Corcaigh le feiricíní ime agus uibhe cearc, mar ná raibh aon bhóthre ann san am san. Thugaidís earradh le nuair a bhídís ag teacht abhaile, min agus plúr agus tobac.
Uair amháin a bhíodar ann do bheir moill ortha ar feadh seachtmhaine agus iad ag faire 'na h-aon lá ar ghluaiseacht abhaile. Ceann de sna laethannta do ghaibh bean síos an cé chúcha.
"A Thaidhg," adubhairt sí, "cheapas gur sa bhaile a bhís an t-am so." "Táim ag feitheamh go mbeidh an ghaoth i bhfábhar liom," arsa Tadhg. "Ná bíodh ceist ort mar gheall ar sin," adubhairt sí. "Seo haincisiúir duit go bhfuil trí snaidhm air. Nuair a raghair go béal an phuirt amach scaoile snaidhm acu, agus más beag leat a mbeidh de shlíghe agat á dhéanamh, nuair a raghair cómh fada le cósta Chiarrauidhe, go dtí an Tarbh, an Bhó agus an Laogh, scoil an tarna snaidhm, agus ar do

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Síghle Ní Drisceóil
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Mícheál Ó Seochfradha
Inscne
fireann
Aois
40
Seoladh
Buaile Uí Chuill, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge